We’ve updated our Terms of Use to reflect our new entity name and address. You can review the changes here.
We’ve updated our Terms of Use. You can review the changes here.

An B​ó​thar

by An Bóthar

/
  • Streaming + Download

    Includes unlimited streaming via the free Bandcamp app, plus high-quality download in MP3, FLAC and more.
    Purchasable with gift card

      €5 EUR  or more

     

1.
In Absentia 03:53
Is beag má tá aoinne ann Is mó go mór tá as Ní ar bheith ann ár n-aire, ár mbeann Ach ar gan bheith ann a bhraith Dá mba nár leamh bheith ann Cad ba ghá am a mheilt? Cén fáth a n-ólfaí leann? Ach chun bheith de shíor amuigh Chun gan bheith riamh istigh Pé rud a bhfanfar leis Ná fan leat féin go brách Pé rud a bhfeicirse Ná feic tú féin thar chách Bheith dall ort féin is fearr Cad is fiú clú is cáil Ce bheadh ag éisteacht leat Cé thabharfadh breith ar dhán Is iad go léir amuigh Ach amháin Suibhne Geilt? Muintir an tsaoil ag rith Cách ag rith uaidh féin Muintir an tsaoil amuigh Bhfuil aoinne istigh ach naomh Ar thinteán tréigthe Dé? Má deir aoinne leat 'Tá sé ar chúl an tí' Ná tabhair aon toradh air Bheadh fhios agat fé thrí Is fós má deirtear leat 'Tá sé sa raingiléis' Ná himighse amach Á chuardach feadh an lae; Níl sé thall ná abhus Níl sé in aon áit Níl sé ach amuigh Is beidh amuigh gan fáil Go dtí go dtiocfaidh fios Mar dhuilliúr ar chrann ag fás, Ansin sea a bheidh sé istigh Is beidh a fhios ag cách.
2.
An Bóthar 02:36
Do chaitheas an oíche Ag éisteacht le bóthar, Ag éisteacht le daoine Ag síorbhualadh bóthair, Ar théid is ea bhíodar, Téad fhada an bhóthair. Ar théid is ea bhíodar, Téad fhada an bhóthair. Más daoine mar mise Bhí thíos ar an mbóthar Is trua liom a bhfilleadh Abhaile ón mbóthar, An tinteán gan tine Is a n-aigne rompu. An tinteán gan tine Is a n-aigne rompu. Tá smaointe ag taisteal Ar bhrollach an bhóthair, Tá daoine ag baile Is smaointe ar an mbóthar, Glac smaointe a cailleadh As intinn gan phóca. Glac smaointe a cailleadh As intinn gan phóca.
3.
Daoirse 03:10
Dá labhródh bean leat íseal Ná hísleofá do ghuth? Dá mbeadh an bean réasúnta Ná réasúnófaí tú? Ach gheobhair san ísleacht uaisleacht Mar uaisleofar do ghuth, Is tabharfar sa réasúntacht Míréasúnú duit: Dá mhéad a ghéillfir uaitse Is ea is lú éileofar ort, Ná tabhair don daoirse diúltamh Is tabharfar saoirse duit, Mar domhain is ea an tsaoirse, Is tír gach daoirse inti, Is níl laistigh dáon daoirse Ach saoirse ón daoirse sin.
4.
Scagadh 03:25
Tá cloigeann scagtha ar mo ghrá, Is foirm scagtha a corp iomlán, Mar scag an intinn smaoineamh lán Ó smaointe ag líonadh is ag trá, Do scagas ceann is cos mo ghrá, Is gliúin is cíoch is dul a cnámh, Is labhairt a béil, is intinn ard, Ó gach a bhfuil díobh siúd ag mná, Do scagas ceann is cos mo ghrá, Is gliúin is cíoch is dul a cnámh, Is labhairt a béil, is intinn ard, Ó gach a bhfuil díobh siúd ag mná, Is nuair a bhí sí scagtha d'fhág sí slán, Is d'imigh uaim le scagleannán.
5.
Teitheadh 03:01
Do shiúlas lá sa chathair Is mé ag tionlacan mo léinn do rinc an cith ar leacaibh Mar do rinc mo smaointe féin Ar láithirín mo léin. Do lean an cith sa chathair Ag ilsmaoineamh ar an sráid, Is bhí smaointe ag cith ar m'anam, Ach do bheannaíos-sa do chách, Is do ghabhas mar aon that bráid. Do rugas liom don eaglais Mo chnuasach nuapheacaí, Do chuireas iad in eagar Don fhoilsitheoir a bhíonn Ag clódhearmad peacaí. Ach do lean an cith im chathair, Is do lean an cith fém thuaith, Do scoilteadh slinn ar leacaibh, Is do leagadh crainn ar bhuaibh, Is do chúb mo chroí ón ruaig. Ní raibh aon áit le dul aige Ach suas i measc na ndeor, Suas dréimire na hatuirse Go Vatican an bhróin, Is do thit an cith sa Róimh.

about

Amhráin ar dhánta le Seán Ó Ríordáin (1916-1977)

credits

released March 18, 2016

Marcus Mac Conghail: Guth, rian 1,2
Ríona Sally Hartman: Guth, rian 2.3,5
Pearse McGloughlin: Guth, rian 4
Mark Lynch: Giotár acústach
Daire Bracken: Fidil
Bill Blackmore: Flugelhorn, Trumpa

Ceol Mark Lynch, seachas rian 4: McGloughlin/Lynch
Ionstraimiú & Léiriú Steve Lynch

Taifeadta ag Stellarsound, Bré.

Dánta Seán Ó Ríordáin le cead ó Chló Iar-Chonnacht

Íomhá le cead ó Alaska State Library (Frank Leslie Baker Photograph Collection, A.C.Hirschfeld, ASL-P107-08)

Déanadh an t-albam seo le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.

license

all rights reserved

tags

about

An Bóthar Dublin, Ireland

contact / help

Contact An Bóthar

Streaming and
Download help

Redeem code

Report this album or account

If you like An Bóthar, you may also like: