1. |
In Absentia
03:53
|
|||
Is beag má tá aoinne ann
Is mó go mór tá as
Ní ar bheith ann ár n-aire, ár mbeann
Ach ar gan bheith ann a bhraith
Dá mba nár leamh bheith ann
Cad ba ghá am a mheilt?
Cén fáth a n-ólfaí leann?
Ach chun bheith de shíor amuigh
Chun gan bheith riamh istigh
Pé rud a bhfanfar leis
Ná fan leat féin go brách
Pé rud a bhfeicirse
Ná feic tú féin thar chách
Bheith dall ort féin is fearr
Cad is fiú clú is cáil
Ce bheadh ag éisteacht leat
Cé thabharfadh breith ar dhán
Is iad go léir amuigh
Ach amháin Suibhne Geilt?
Muintir an tsaoil ag rith
Cách ag rith uaidh féin
Muintir an tsaoil amuigh
Bhfuil aoinne istigh ach naomh
Ar thinteán tréigthe Dé?
Má deir aoinne leat
'Tá sé ar chúl an tí'
Ná tabhair aon toradh air
Bheadh fhios agat fé thrí
Is fós má deirtear leat
'Tá sé sa raingiléis'
Ná himighse amach
Á chuardach feadh an lae;
Níl sé thall ná abhus
Níl sé in aon áit
Níl sé ach amuigh
Is beidh amuigh gan fáil
Go dtí go dtiocfaidh fios
Mar dhuilliúr ar chrann ag fás,
Ansin sea a bheidh sé istigh
Is beidh a fhios ag cách.
|
||||
2. |
An Bóthar
02:36
|
|||
Do chaitheas an oíche
Ag éisteacht le bóthar,
Ag éisteacht le daoine
Ag síorbhualadh bóthair,
Ar théid is ea bhíodar,
Téad fhada an bhóthair.
Ar théid is ea bhíodar,
Téad fhada an bhóthair.
Más daoine mar mise
Bhí thíos ar an mbóthar
Is trua liom a bhfilleadh
Abhaile ón mbóthar,
An tinteán gan tine
Is a n-aigne rompu.
An tinteán gan tine
Is a n-aigne rompu.
Tá smaointe ag taisteal
Ar bhrollach an bhóthair,
Tá daoine ag baile
Is smaointe ar an mbóthar,
Glac smaointe a cailleadh
As intinn gan phóca.
Glac smaointe a cailleadh
As intinn gan phóca.
|
||||
3. |
Daoirse
03:10
|
|||
Dá labhródh bean leat íseal
Ná hísleofá do ghuth?
Dá mbeadh an bean réasúnta
Ná réasúnófaí tú?
Ach gheobhair san ísleacht uaisleacht
Mar uaisleofar do ghuth,
Is tabharfar sa réasúntacht
Míréasúnú duit:
Dá mhéad a ghéillfir uaitse
Is ea is lú éileofar ort,
Ná tabhair don daoirse diúltamh
Is tabharfar saoirse duit,
Mar domhain is ea an tsaoirse,
Is tír gach daoirse inti,
Is níl laistigh dáon daoirse
Ach saoirse ón daoirse sin.
|
||||
4. |
Scagadh
03:25
|
|||
Tá cloigeann scagtha ar mo ghrá,
Is foirm scagtha a corp iomlán,
Mar scag an intinn smaoineamh lán
Ó smaointe ag líonadh is ag trá,
Do scagas ceann is cos mo ghrá,
Is gliúin is cíoch is dul a cnámh,
Is labhairt a béil, is intinn ard,
Ó gach a bhfuil díobh siúd ag mná,
Do scagas ceann is cos mo ghrá,
Is gliúin is cíoch is dul a cnámh,
Is labhairt a béil, is intinn ard,
Ó gach a bhfuil díobh siúd ag mná,
Is nuair a bhí sí scagtha d'fhág sí slán,
Is d'imigh uaim le scagleannán.
|
||||
5. |
Teitheadh
03:01
|
|||
Do shiúlas lá sa chathair
Is mé ag tionlacan mo léinn
do rinc an cith ar leacaibh
Mar do rinc mo smaointe féin
Ar láithirín mo léin.
Do lean an cith sa chathair
Ag ilsmaoineamh ar an sráid,
Is bhí smaointe ag cith ar m'anam,
Ach do bheannaíos-sa do chách,
Is do ghabhas mar aon that bráid.
Do rugas liom don eaglais
Mo chnuasach nuapheacaí,
Do chuireas iad in eagar
Don fhoilsitheoir a bhíonn
Ag clódhearmad peacaí.
Ach do lean an cith im chathair,
Is do lean an cith fém thuaith,
Do scoilteadh slinn ar leacaibh,
Is do leagadh crainn ar bhuaibh,
Is do chúb mo chroí ón ruaig.
Ní raibh aon áit le dul aige
Ach suas i measc na ndeor,
Suas dréimire na hatuirse
Go Vatican an bhróin,
Is do thit an cith sa Róimh.
|
If you like An Bóthar, you may also like: