We’ve updated our Terms of Use to reflect our new entity name and address. You can review the changes here.
We’ve updated our Terms of Use. You can review the changes here.

In Absentia

by An Bóthar

/
  • Streaming + Download

    Includes unlimited streaming via the free Bandcamp app, plus high-quality download in MP3, FLAC and more.
    Purchasable with gift card

      €1 EUR  or more

     

about

Ón EP An Bóthar, ar fáil 18ú Márta


In Absentia

Seán Ó Ríordáin (1916-1977)

lyrics

Is beag má tá aoinne ann
Is mó go mór tá as
Ní ar bheith ann ár n-aire, ár mbeann
Ach ar gan bheith ann a bhraith

Dá mba nár leamh bheith ann
Cad ba ghá am a mheilt?
Cén fáth a n-ólfaí leann?
Ach chun bheith de shíor amuigh
Chun gan bheith riamh istigh

Pé rud a bhfanfar leis
Ná fan leat féin go brách
Pé rud a bhfeicirse
Ná feic tú féin thar chách
Bheith dall ort féin is fearr

Cad is fiú clú is cáil
Ce bheadh ag éisteacht leat
Cé thabharfadh breith ar dhán
Is iad go léir amuigh
Ach amháin Suibhne Geilt?

Muintir an tsaoil ag rith
Cách ag rith uaidh féin
Muintir an tsaoil amuigh
Bhfuil aoinne istigh ach naomh
Ar thinteán tréigthe Dé?

Má deir aoinne leat
'Tá sé ar chúl an tí'
Ná tabhair aon toradh air
Bheadh fhios agat fé thrí

Is fós má deirtear leat
'Tá sé sa raingiléis'
Ná himighse amach
Á chuardach feadh an lae;

Níl sé thall ná abhus
Níl sé in aon áit
Níl sé ach amuigh
Is beidh amuigh gan fáil

Go dtí go dtiocfaidh fios
Mar dhuilliúr ar chrann ag fás,
Ansin sea a bheidh sé istigh
Is beidh a fhios ag cách.

credits

released February 3, 2016
Guth Marcus Mac Conghail
Ceol Mark Lynch
Ionstraimiú & Léiriú Steve Lynch

Taifeadta ag Stellarsound, Bré.

Dánta Seán Ó Ríordáin le cead ó Chló Iar-Chonnacht

Íomhá le cead ó Alaska State Library (Frank Leslie Baker Photograph Collection, A.C.Hirschfeld, ASL-P107-08)

Déanadh an t-albam seo le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge

license

all rights reserved

tags

about

An Bóthar Dublin, Ireland

contact / help

Contact An Bóthar

Streaming and
Download help

Redeem code

Report this track or account

If you like An Bóthar, you may also like: